Go rachainn seal thar Bóinn leat,
Nó air chóstaí na hÉigipt,
'S dóigh liom féin go h-Éirinn,
Ní fhillfamaois go brát.
Shínfinn síos gan léine,
Le do chum tá cailce gléigeal,
Bhfuil na mílte fear ag éud,
Agus ag iomadh faoi do ghrádh.
Sé mo mhíle creach nach bhféadaim,
Do chroidhe gan locht a bhréagadh,
Agus m' intinn féin go léigfinn leat,
Aig éirghe gach lá.
(Réalta na Maidne)